Blog

Cíos Tráchtala – Cad atá ag tarlú anois?

By May 19, 2016 No Comments
images_Commercial-Conveyance

Leanfaidh cíosanna tráchtála ag méadú go dtí deireadh bhliain 2017, dar le Léirmheas Margadh Oifige [Office Market Review] HWBC i 2015. Is toradh é seo ar an ghanntanas tromchúiseach atá le sonrú faoi láthair i méid na bhfoirgneamh agus oifigí tráchtala atá á thairiscint, go háirithe i mBaile Átha Cliath 2 agus 4.

Ta fíor-éilimh ar spás oifige go deo. Sa bhliain 2015, thit an ráta fholúntais faoi 10% don chéad uair ón bhliain 2006. Dar le ‘Dearcadh do 2016’, le HWBC, ‘sé cheann de na fadhbanna is mó ata ag an tionscail ná go bhfuil gá mór ag gnóthais móra do spásanna ‘Grád A’, ach níl na spásanna sin ar fáil. Tá cuideachtaí ar nós Facebook, Google agus AirBnB ag iarraidh a spásanna a fhorbairt, agus ina theannta sin, chuireadh leis an t-éileamh ar spásanna nua de bharr méadú ar sruth infheistíochta dírí eachtraí sa bhliain seo chaite.

Tá forbartha faoi bhun, dár ndóigh, i bpríomhréimhsí ar nós an Ceantar Dugaí. Ní chríochnófar an chuid is mó dóibh seo go dtí 2018 áfach, agus mar sin féin tá beagnach 50% dóibh réamh-tiomanta.

Tugann taighde CBRE le tuiscint go bhfuil fadhb le sholáthair spás oifige le sonrú i dtíortha áirithe ar fud an Eoraip mar gheall ar thionchar an téarnaimh eacnamaíoch ar líon na ndaoine atá fostaithe in oifigí.

Tugann Green Reit, infheisteoir réadmhaoine, rabhadh áfach go n-fhéadfaí fadhb an rósholáthar a fheiceáil arís ón bhliain 2018, agus gur dócha go bhfuil ‘ré órga’ an maoin tráchtála críochnaithe cheana féin.

 

          Léigh níos mó (as Béarla):

          Irish Times Article

          HWBC Office Market Annual Review and Outlook 2016

          Irish Times Article

          Green Reit plc. News

 

 

Chuir glaoch orainn ar 1800 910 912, nó scríobh chugainn tríd an Foirm Teagmháil, chun níos mó eolas a fháil faoi do chearta faoin dlí.